Moladh na Cóitseála

Your life does not get better by chance, it gets better by change” (Jim Rohn)

Is fada na hocht mí atá caite. Is beag ar cheapamar nuair a thosaíomar ár gcúrsa Dioplóma sa Chóitseáil Saoil agus san Ionad Oibre an Deireadh Fómhair seo caite go ndéanfadh sé difear dár saol agus don gcaoi a mbreathnaímid orainn féin agus ar dhaoine eile. Táimid inár gcóitseálaithe cáilithe ón 21 Bealtaine seo caite!

Nuair a thosaigh mé ar an turas sin, bhí mé den tuairim go raibh go leor ar eolas agam faoin gcóitseáil. Cheap mé go raibh mé i mbun cóitseála ar feadh an chuid is mó de mo shaol – mar mhúinteoir, leas-phríomhoide agus príomhoide scoile. Cheap mé go mbeadh sé éasca. Is éard a cheap mé a bheadh deacair, b'fhéidir, deireadh seachtaine iomlán uair sa mhí a fhágáil i mo dhiaidh agus é a chaitheamh le daoine eile a bhí ag foghlaim na cóitseála. Níor thaitin an smaoineamh liom go mbéinn ag freagairt ceisteanna, ag léamh leabhar agus i mbun cóitseála go deonach san oíche agus ag deirí seachtaine. Bhí drogall orm roimh scríobh na n-aistí ag deireadh an chúrsa. Cheap mé gurb é/í an duine ab fhearr le príomhoide scoile mar mise a chóitseáil príomhoide scoile eile a thuig mo jab, tharla gur shiúil sé nó sí sna bróga céanna liom féin.

Bhí mé mícheart ar go leor bealaí. Bhain mé an-taitneamh as an deire seachtaine sin gach mí, agus bhínn ag súil go mór le castáil le grúpa daoine a bhí ar an turas céanna liom féin. Bhí an chuid ba mhó díobh níos óige ná mé, bhí siad ag obair i jabanna éagsúla agus tháinig siad ó thíortha éagsúla ar fud an domhain. Chuir an éagsúlacht sin go mór le mo thaithí agus rith sé liom gur i gcuideachta príomhoidí scoile agus oideachasóirí eile ba mhó a rinne mé foghlaim ghairmiúil faoi cheannaireacht scoile sa 21 bliain atá caite. Is dóigh gurbh í sin an chúis gur thaitin an cúrsa an oiread sin liom.

Is ó chuideachtaí idirnáisiúnta a chuireann an chóitseáil chun cinn ina n-eagraíochtaí a tháinig cuid de mo chomh-mhic léinn. Go dtí seo níl cultúr cóitseála againn inár scoileanna agus creidim go bhfuil go leor le foghlaim againn ó chuideachtaí rathúla a chuireann cóitseáil rialta ar fáil dá bhfostaithe agus a thugann tacaíocht do roinnt fostaithe chun traenáil mar chóitseálaithe gach bliain. Thaitin sé go mór liom na leabhair a léamh i rith na bliana. Léirigh “The Four Agreements” (Don Miguel Ruiz), “The Seven Spiritual Laws of Success” (Deepak Chopra) agus go háirithe “The Power of Now” (Eckhart Tolle) mo thaithí féin agus d'fhoghlaim mé go leor óna dteachtaireachtaí simplí. Bhí an oiliúint i scileanna, go háirithe i réimsí na héisteachta, an cheistiúcháin, an chomharthaíocht choirp á tabhairt faoi deara, agus san achoimriú, an-úsáideach i mo shaol pearsanta agus gairmiúil. Chuidigh an iliomad seisiún cleachtaidh piarchóitseála liom féinmhachnamh a dhéanamh agus spriocanna nua a leagan amach dom féin.

B'iontach an taithí foghlama a bhí ann páirt a ghlacadh i gceithre sheisiún cóitseála le cóitseálaí gairmiúil cáilithe.  Táim lánchinnte anois faoi chumhacht na cóitseála. Tá a fhios agam anois go cinnte nárbh cóitseáil a bhí á déanamh agam mar cheannaire scoile. Baineann an chóitseáil níos mó le “unlocking a person’s potential to maximise their own performance” (John Whitmore: “Coaching for Performance”) agus dá réir sin cuidiú le daoine le bheith ag foghlaim agus ag athmhachnamh seachas a bheith ag tabhairt réiteach dóibh ar a gcuid fadhbanna.

Mar sin, táimid tagtha chuig deireadh aistir a bhí an-sásúil. Tugamarna, in CSL, faoin gcúrsa cóitseála seo, ní chun cleachtaidh mar chóitseálaithe ach chun tuiscint níos fearr agus níos soiléire a fháil ar an gcóitseáil agus a cumas i saol an oideachais. Tá CSL ag lorg tairiscinte chun seirbhís ghairmiúil cóitseála a sholáthar do príomhoidí i réigiúin na n-ionad oideachais ar fud na tíre. Beidh an tseirbhís seo fíorluachmhar do gach príomhoide ach go háirithe dóibh siúd ar féidir leo dúshlán atá rompu a aithint. Níor cheart go mbeadh príomhoidí ag súil le réitigh ar a bhfadhbanna/ a ndúshláin a fháil ó na cóitseálaithe, ach is féidir leo a bheith ag súil go mbeidh an t-am agus an spás acu machnamh a dhéanamh ar na dúshláin sin agus teacht aníos le réitigh nua a chuideoidh leo, ní hamháin faoi chúinse amháin ar leith ach faoi chúinsí cosúla sa todhchaí. Ba cheart go mbeidís ag súil le tuilleadh a fhoghlaim fúthu féin. 

Is seirbhís rúnda a bheith anseo agus beidh teacht ar an tseirbhís trí theagmháil dhíreach idir an soláthraí cóitseála agus an príomhoide. Táimid ag súil leis an tseirbhís a lainseáil san fhómhar - mar sin, coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin na míonna seo romhainn. Tá a fhos agam anois, dá mbeinn ar ais ar scoil mar cheannaire, gur mhaith liom leas a bhaint as an tseirbhís seo. Bheinn ag súil, chomh maith, nach mbeadh taithí ag an gcóitseálaí gairmiúil i gceannaireacht scoile, mar go mbeadh an claonadh láidir ann/inti an réiteach a thabhairt nuair a bheadh cleachtadh aige/aici ar ghairm áirithe. Ní faoin gcóitseálaí an chóitseáil – is faoin gcliant ag teacht chun tuisceana agus léargais agus ag foghlaim tuilleadh faoi/fúithi féin. Is féidir leis na cliaint a bheith bródúil as an aistear atá déanta acu agus muinín a bheith acu as an aistear ar féidir leo é a dhéanamh amach anseo. 

Chonaic mé an fógra seo inné – “Sometimes the smallest step in the right direction ends up being the biggest step of your life. Tiptoe if you must but take the step”. Bí oscailte do na féidearthachtaí go léir ar féidir leis an gcóitseáil iad a chur os do chomhair!


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.