Blag Aibreáin - Máire Ní Bhróithe

Táim fillte ar an mblag seo tar éis briseadh beag. Bhíomar an-ghnóthach le linn an dá mhí atá caite, ag eagrú clár traenála dar meantóirí, ag comhoibriú le SFGM chun an clár Misneach a athbhreithniú, ag bualadh le cuid de na daltaí a bheidh againn amach anseo, ag pleanáil imeacht aon lae dár meantóirí, ag lorg tairiscintí i gcomhair na seirbhíse cóitseála (a thosaíonn mí Mheán Fómhair seo chugainn) agus i gcomhair an chláir do cheannairí uaillmhianacha a thosóidh in 2017 agus ag an am céanna tá ár dtscanna dár gcúrsa dioplóma sa chóitseáil á gcríochnú againn!

Mar is gnách, rinneamar freastal ar roinnt imeachtaí spéisiúla le dhá mhí anuas. I mí an Mhárta bhíomar i láthair ag seoladh tuarascála LADT Éireann faoi shaol na ndaoine LADT atá ina gcónaí sa tír seo. An samhradh seo caite rinneamar ceiliúradh ar thoradh reifreann an phósta agus táimid bródúil as an toradh láidir Sea. Ach deir an tuarascáil go bhfuil leibhéal an struis dhéin, na himní agus an dúlagair 4 huaire níos airde i measc déagóirí LADT idir 14 agus 18 mbliana déag d'aois i gcomparáid le grúpa den aois chéanna sa staidéar náisiúnta ar mheabhairshláinte na hóige. Tá feabhas tagtha ón mbliain 2009 ar thaithí scoile daltaí LADT ach deir 50% de na daltaí sin fós gur fhulaing siad bulaíocht fhrith-LADT go pearsanta. In CSL tá súil againn seisiúin foghlama gairmiúla a chur ar fáil dár meantóirí sa chaoi go mbeidh siad ábalta cabhrú le priómhoidí amach anseo dul i mbun ceannaireachta agus tacaíocht agus cosaint a thabhairt do na daoine óga seo. 

San Aibreán bhuaileamar leis na príomhoidí nua dara leibhéal a ceapadh ar an 1 Feabhra agus a bhfuil sé de chúram orthu scoileanna a oscailt ar láithreacha úrnua i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Tá cuid acu ag obair ón mbaile, roinnt eile in oifigí atá ar iasacht acu i scoil eile agus roinnt eile in áitribh ghnó ina bpobail féin. Beidh scoileanna na naonúr príomhoidí ag oscailt i bhfoirgnimh shealadacha agus beidh an iliomad tascanna le cur i gcrích acu, mar shampla roghnú trealamh agus leabhar, roghnú idir ranganna aon uaire agus 40 nóiméad, roghnú cineálacha cathaoireacha agus deasc, roghnú éide scoile nó a mhalairt, dearadh curaclaim agus go háirithe cé na hábhair a bheidh á bhfógairt. Le linn dóibh a bheith i mbun na dtascanna sin, beidh siad ag smaoineamh chomh maith ar an gcineál scoile ar mhaith leo a chur ar bun agus ar na struchtúir a bheidh orthu a chur i bhfeidhm anois chun cuidiú leo na haislingí sin a fhíorú. Guíonn CSL gach rath ar na scoileanna sin i gCill Mhantáin, i gCabhán, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath agus cuirfidh sé meantóirí ar fáil do na príomhoidí le cuidiú leo ar an aistear iontach dúshlánach sin. 

Bhí an dara seisiún traenála do mheantóirí ar siúl i mí an Mhárta agus mí Aibreáin agus tá áthas orainn go bhfuil 200 príomhoide cruthaithe traenáilte againn anois mar mheantóirí. Airíonn ár bhfoireann bheag go bhfuil rud éigin fiúntach curtha i gcrích againn. Ach níl ár n-obair ach ina thús, áfach!

Ní mór dúinn anois ár meantóirí a chur leis na príomhoidí nua a cheapfar le héifeacht ón 1 Meán Fómhair seo chugainn. Tá fógraí le feiceáil sna nuachtáin ar bhonn laethúil, beagnach, agus príomhoidí nua á lorg chun tabhairt faoin dúshlán a bhaineann le scoil a riar. Sna míonna amach romhainn déanfar os cionn 250 ceapachán nua. Cuirfidh CSL meantóir ar fáil do gach príomhoide iar-bhunscoile nua in Éirinn agus do gach príomhoide bunscoile nua i gCúige Laighean. Leanfaidh IPPN ag soláthar seirbhís meantóireachta do gach príomhoide bunscoile taobh amuigh de Chúige Laighean in 2016-2017. Ta an próiseas meaitseála meantóirí le príomhoidí tosaithe cheana féin. 

Táimid ag ullmhú, freisin, le haghaidh cruinniú lae dár 200 meantóir i mBaile Átha Luain i lár mhí Mheithimh. Is lá ceiliúrtha a bheidh anseo agus déanfar ár gclár meantóireachta a sheoladh go hoifigiúil. Má théann gach rud de réir an phlean, tá súil againn ár suíomh gréasáin nuadheartha a sheoladh chomh maith! Tá pleananna don fhómhar 2016 á ndéanamh againn cheana chun tús a chur le traenáil meantóirí i gcomhair príomhoidí bunscoile i gCúigí Uladh, Chonnacht agus Laighean. Beimid ag lorg roinnt mhaith meantóirí nua chomh maith agus tá súil againn go dtabharfaidh ár gcomhghleacaithe bunscoile cabhair dúinn. Tá súil againn grúpa beag meantóirí iar-bhunoideachais a thraenáil chomh maith. Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin chun teacht ar shonraí ina thaobh sin. 

Léigh mé leabhar suimiúil faoin gceannaireacht dar teideal “Leadership and Self-deception” (The Arbinger Institute) an mhí seo. Is leabhar simplí é a bhfuil teachtaireacht chumhachtach ann do cheannairí, pé saol a bhfuil siad ann - saol an ghó, an oideachais nó na polaitíochta. Is i bhfoirm scéala a scríobhadh é agus dá bhrí sin tá sé furasta é a léamh. Bíonn deacrachtaí in eagraíochtaí áirithe mar go mbíonn a gceannairí "sa bhosca" de réir na n-údar. Ní thuigeann siad go mbíonn fadhb acu agus leanann siad orthu ag cur in aghaidh na féidearthachta gur acu féin atá an fhadhb. Bíonn droch-chaidreamh san eagraíocht mar thoradh air sin. Agus mé á léamh agus ag machnamh ar mo laethata mar phríomhoide scoile, cuimhním go soiléir ar na huaireanta a bhí mé sa "bhosca" sin, agus ar na himpleachtaí a d'fhéadadh a bheith orthu siúd a bhí thart timpeall orm. Is féidir leas a bhaint as an leabhar seo, a foilsíodh in 2000, chun cabhrú le scagadh iarratas agus le hearcú, le ceannaireacht agus le tógáil foirne, le réiteach coimhlintí agus le forbairt phearsanta. Is fiú go mór é a léamh!

Tá an chuma ar an mí atá amach romhainn gur mí iontach a bheidh ann dúinne. Tá súil againn lá a chaitheamh lenár gcomhghleacaithe sa Scottish College of Educational Leadership ag a gcéad chomhdháil maidir le le ceannaireacht oidí. Scríobhfaidh mé ina thaobh i mblag na míosa seo chugainn. Táimid ag súil go mór, freisin, lenár ndioplóma cóitseála a bhaint amach. Táimid go léir ar son na cóitseála anois agus creidimid go daingean gur chun tairbhe ceannairí scoile agus iad ag tabhairt faoi dhúshláin a bpost atá clár cóitseála CSL do phríomhoidí, a thabharfar isteach mí Mheán Fómhair seo chugainn. 

Go raibh téarma deireadh bliana dearfach agus torthúil ag ár gcomhghleacaithe. Cuirigí aithne ar a chéile, bígí i dteagmháil lena chéile agus bígí ag comhoibriú lena chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.