Blag Mhárta - Máire Ní Bhróithe

Mí ghnóthach eile! Bhí sé d'ádh orainn gur bhuaileamar le roinnt príomhoidí agus leas-phríomhoidí sna seachtainí atá caite agus gur labhramar leo. D'fhill mé Dé hAoine seo caite ó ríocht álainn na hÉireann áit a raibh a Meitheal bhliantúil ar siúl ag Réigiún 6 den NAPD - a gcruinniú de cheannairí scoile. Chuala mé Anthony O Shaughnessy (www.raphacottage.ie) ag labhairt linn go léir faoin tábhacht dúinne mar cheannairí scoile teorainneacha a leagan síos, féachaint inár ndiaidh féin, a beith i láthair agus an t-aireachas a chleachtadh go laethúil. Is fearr seisiún 5 nóiméad gach maidin agus gach oíche go rialta ná seisiún 2 uair an chloig uair sa tseachtain. Chuir sé i gcuimhne dúinn go leanfaidh daoine muid má bhíonn fís againn agus rinne sé tagairt dá ndúirt Martin Luther King “I have a dream” agus ní “I have a plan”. Ina dhiaidh sin labhair Alan Mongey, Príomhoide Choláiste Bhaile an Chláir a rinne tagairt chomh maith do Martin Luther King. D'éirigh le Alan ranganna aon uair an chloig a thabhairt isteach ina scoil, ach chuir sé fainic orainn maidir le tabhairt faoin athrú curaclaim ró-thapa - ní mór dúinn a fhios a bheith againn mar cheannairí cén fáth a bhfuil gá le hathrú. Ní mór dúinn fís a bheith againn! Ach an chúis a bheith soiléir inár gcloigne, is féidir linn díriú ar an gcaoi le hathrú a chur i bhfeidhm agus céard le déanamh chun é sin a chur i gcrích. Mhínigh Alan go soiléir cén fáth ar thug sé isteach ranganna aon uaire ar an dara leibhéal. Chríochnaigh sé le ráiteas breá ó W. Edwards Deming: “The timid and the faint hearted, and the people that expect quick results, are doomed to disappointment “. Ba Mheitheal inspioráideach a bhí ann. Comhghairdeas le Donnacha Ó Treasaigh agus lena choiste i réigiún 6 den NAPD!

Is comhpháirtíocht idir an Roinn Oideachais agus Scileanna, IPPN (gréasán na bpríomhoidí bunscoile) agus NAPD (Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus Leas-Phríomhoidí). Bíonn cruinniú ina aghaidh na ráithe ag an gcoiste stiúrtha agis i spiorad na comhpháirtíochta bhí cruinniú na míosa seo againn in oifigí breátha IPPN sa Ghleanntán i gCorcaigh. Thug Mary Nihill tuairisc ar ár gcuid oibre i réimse traenála na meantóirí, ar an dul chun cinn sa chóitseáil, ar an ráthú caighdeán atá idir lámha againn leis an PDST maidir leis an gClár Misneach agus ar an gclár do cheannairí nua uaillmhianacha a bheidh á sheoladh againn i mí Mheán Fómhair 2017. Beidh an clár seo dírithe ar mhúinteoirí agus ar cheannairí scoile ar mian leo a n-acmhainn ceannaireachta a fheabhsú agus ar mian leo, b'fhéidir, a bheith ina bpríomhoidí scoile. Beidh ábhar an chláir bunaithe ar na dréachtchaighdeáin agus na dréachtréimsí sa cheannaireacht agus sa bhainistíocht atá á gcur i gcrích faoi láthair ag an gcigireacht. Is dioplóma iarchéime ar leibhéal 9 (QQI) a bheidh ann, a chuirfear ar siúl ar bhonn réigiúnach agus táthar ag súil leis na chéad chéimithe in 2019. Tá tairiscintí á réiteach faoi láthair ina thaobh sin agus coimeádfaimid ar an eolas sibh sna míonna atá amach romhainn. 

Is e an chéad tasc mór eile romhainn ár láithreacht sna meáin shóisialta a fheabhsú agus ár suíómh gréasáin a fhorbairt. Tá cuntas Twitter againn agus tá 564 duine ár leanúint - táimid ag lorg breis leantóirí; dá bhrí sin mura bhfuil tú ár leanúint go fóill, stop ag léamh an bhlag seo agus lean @cslireland. Go raibh maith agat! Nuair a gheobhaimid ailt inspioráideacha faoin gceannaireacht, postálfaimid iad. Uaireanta ní dhéanaimid ach pictiúir dínn féin ag imeachtaí éagsúla a tvuíteáil! Is léir nach mór dúinn ár suíomh gréasáin a fhorbairt agus sna seachtainí amach romhainn caithfimid roinnt ama ag féachaint ar shuíomhanna gréasáin eile agus smaoineoimid ar an gcineál feidhmiúlachta a theastóidh uainn chun suíomh gréasáin inspioráideach a chruthú. Tá aislingí agus pleananna againn! Tá súil againn cuireadh a thabhairt d'aoibhlagálaithe chuig an gcuid seo den suíomh gréasáin nua. Tá a fhios againn go bhfuil roinnt mhaith ceannairí scoile amuigh ansin a bhfuil cuid mhaith ama caite acu i mbun taighde ar ghnéithe áirithe den cheannaireacht. Beimid ag brath orthu chun a gcuid léargais a roinnt linn i bhfoirm blag. Tuigim, freisin, go bhfuil an blag seo á scríobh agam ó dhearcadh ceannaire iar-bhunscoile. Tá súil againn roinnt blagálaithe a aimsiú amuigh ansin ón earnáil bhunscoile a roinnfidh torthaí a gcuid taighde linn go léir. Tá a fhios againn go bhfuil roinnt daoine an-chruthaitheach i measc ár gcóhort meantóirí CSL agus beimid ag dul i dteagmháil leo an mhí seo. 

Le linn na míonna atá caite bhíomar ag bunú caidrimh le comhlachtaí eile atá páirteach san oideachas. Bhuaileamar leis an gComhairle Mhúinteoireachta, táimid ag obair go dlúth leis an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (NIPT) agus leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) ar ár gclár meantóireachta agus an mhí seo cruthaíomar caidreamh lenár gcairde sa tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) ar lá fuar fliuch in Ionad Oideachais Mhuineacháin. Tá go leor i gcoiteann againn leis an bhfoireann sin – ba mhaith linn go mbeadh tairbhe ag ár ndaltaí as cineálacha foghlama nua agus difriúla sa tsraith shóisearach. Ach an oiread leis an JCT is mian linne freisin tacaíocht a thabhairt do phríomhoidí tríd ár gcláir meantóireachta to become the best leaders of learning that they can possibly be. “Tús maith leath na hoibre “

Chuir mé tús le blag na míosa seo le tagairt do chur i láthair Anthony O’ Shaughnessy don NAPD agus don chaoi ar spreag sé gach ceannaire le foghlaim cén chaoi le hanálú le haireachas. Chuir sé clabhsúr ar an gcur i láthair leis an dán is ansa leis a scríobh Mary Oliver (file Ceanadach) dar teideal The Snow Geese. Is iad na línte áille seo a leanas deireadh an dáin:

“The geese flew on, I have never seen them again. Maybe I will, someday, somewhere. Maybe I won't. It doesn't matter. What matters is that, when I saw them, I saw them as through the veil, secretly, joyfully, clearly.”

Bainigí go léir sult as mí an Mhárta!


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.