Blag Feabhra - Máire Ní Bhróithe

Is rud nua dom an bhlagáil agus tá mo chéad bhotún feicthe agam - is é  seo i ndáiríre blag Feabhra ach is cur síos atá ann ar imeachtaí na míosa atá caite - Eanáir 2016! Tá an chuid eile de mo rúin athbhliana ligthe beagán le sruth agam ach tá mé fós meáite ar bhlag míosúil a scríobh.

Tá mí Eanáir tagtha agus imithe agus ba mhí an-ghnóthach agus an-iontach a bhí ann dúinne. Tá cuid mhaith de caite againn i mBaile Átha Luain (le linn na dtuilte) agus tá cairdeas déanta againn le Frank agus lena fhoireann in Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain. Go raibh maith agaibh as aire a thabhairt dúinn!

Ba é an réiteach dár gcéad imeacht náisiúnta ar Eanáir 12/13 a thóg an t-am is mó dár laethanta sa Bhliain Nua. D'fhreastail 135 príomhoide cruthaithe bunscoile agus iar-bhunscoile ar ár seisiún traenála do mheantóirí in óstán Sheraton i mBaile Átha Luain. B'ionad den scoth a bhí ann agus bhí radharcanna mórthaibhseacha ar thuilte Bhaile Átha Luain ón 10ú urlár againn. Bhí sé seo ar an gcéad cheann de dhá sheisiún traenála atá á thairiscint againn. Chaitheamar roinnt ama agus an mheantóireacht (a bhunús agus an dea-chleachtas ar fud an domhain) á phlé againn leis na príomhoidí agus ansin chaitheamar níos mó ama agus scileanna a bhaineann le héisteacht, le ceistiúchán agus le haiseolas a thabhairt do dhaltaí á bplé againn. Ba iad na seisiúin phraiticiúla sin ba mhó a thaitin leis na rannpháirtithe agus tá tuilleadh cleachtaidh sa réimse sin á lorg acu nuair a fhillfidh siad orainn an mhí seo chugainn. Ní obair chrua uile a bhí ann, bhí roinnt gáire agus spraoi ann de réir mar a bhí an grúpa ag cothú dlúthchaidrimh lena chéile. An mhí seo chugainn déanfaimid cur i láthair dár meantóirí (le cúnamh ó Anthony Kilcoyne agus a fhoireann cheannaireachta PDST) maidir leis an tslí is féidir leis an gclár meantóireachta seo a chur in oiriúint don chlár nua Misneach do phríomhoidí nuacheaptha in 2016 agus cur leis.

I ndeireadh na dála tá súil againn tuairim is 70 príomhoide iar-bhunscoile a thraenáil mar mheantóirí agus táim cinnte go mbainfidh príomhoidí nua 2016 tairbhe mór as sin. Tá sé ráite ag go leor daoine gur mhaith leo dá mbeadh a leithéid de chlár le fáil nuair a thosaigh siad ag obair mar phríomhoidí agus rinne duine amháin ráiteas achoimre mar seo “Ba bhreá liom dá mba rud é go raibh cúnamh le fáil agam ó chara criticiúil agus iarracht á déanamh agam forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh mar phríomhoide i mo chéad bhliain”. Táimid cinnte anois go mbeidh ár ndóthain meantóirí iar-bhunscoile againn le dul i mbun oibre le gach príomhoide nuacheaptha. Ar leibhéal na bunscoile, táimid ag réiteach seisiún traenála breise agus tá súil againn go mbeidh beagnach 150 meantóir traenáilte againn. Déanfaidh siad meantóireacht ar na príomhoidí nuacheaptha i mórcheantar Laighean in 2016 aagus tá súil againn an tseirbhís sin a leathnú amach ar fud na tíre uile sa dá bhliain atá romhainn. Tá iontas orainn faoi fhlaithiúlacht na bpríomhoidí bunaithe atá chomh sásta sin a gcuid ama a chur ar fáil le cabhair a thabhairt dá gcomhghleacaithe nua. Cé gur bhuaicphointe dúinn a bhí i dtraenáil na meantóirí an mhí seo, rinneamar freastal ar imeachtaí iontacha agus bhuaileamar le roinnt daoine nua atá ag tacú linn ar an aistear seo.

D'fhreastalaíomar ar chomhdháil IPPN an tseachtain seo caite. Tharla gurb é an t-oideachas iar-bhunscoile mo chúlra féin, mar a bhfuil ach 720 scoil, bhí iontas an domhain orm faoin slua mór príomhoidí (níos mó ná 1,100) a bhí ag freastal ar an imeacht seo in óstán City West. Tá IPPN go mór chun tosaigh maidir leis an tsláinte agus an an bhfolláine a chur chun cinn inár scoileanna. Bhíomar i láthair ag siompóisiam den scoth, a d'eagraigh IPPN chomh maith, i mí na Sahmna seo caite, áit ar labhair Conor Cusack linn, i measc daoine eile, faoi fholláine intinne. Ag éirí as an imeacht sin mí na Samhna seo caite, tá fóram ar an bhfolláine bunaithe agus tá grúpaí éagsúla tar éis teacht le chéile leis an Ombudsman do Leanaí chun an tslí is fearr le cultúr folláine mothúchánaí a dhaingniú ar fud na bpobal scoile go léir. Tá súil acu Plean Gníomhaíochta don Fholláine Mhothúchánach i Scoileanna a fhorbairt ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon. 

Ag comhdháil na seachtaine soe caite, lean IPPN ag cur na sláinte agus na folláine chun cinn agus ba é buaicphointe an imeachta domsa an t-aitheasc ón síceolaí Shane Martin (www.moodwatchers.com ) a chuir 6 leid os ár gcomhair le cúnamh a thabhairt dúinn a bheith níos acmhainní. Thaitin an cúigiú leid go háirithe liom "Tabhair droim láimhe don dímrí" mar go bhfuil teachtaireacht ann dúinn go léir mar cheannairí scoile. Déanaimid ceiliúradh ar an rathúlacht i scoileanna agus ní bhíonn meas madra againn ar an "teip". Éirionn roinnt daltaí as an iarracht nuair a theipeann orthu agus ní chuireann siad an acmhainneacht le chéile. Tugann siad an dímrí sin leo ar feadh a saoil. Ach tá cuid mhaith scoileanna amuigh ansin agus cuireann siad chun cinn an "Meon Forbartha" a spreagann daltaí leas a bhaint as an dúshlán agus a fhéachann ar an teip mar áit tosaithe don fhás agus don deis lena gcumas a mhéadú (féach ar leabhar breá Carol Dweck ‘Mindset : The new Psychology of Success’ ‘). Feabhsóidh a leithéid de mheon an teacht aniar inár ndaltaí agus ar deireadh feabhsóidh sé a bhfolláine iomlán. 

Nár lagaí Dia IPPN as an gcomhdháil seo den scoth. Go mbeirimid beo ar an am seo arís! Bhí ár ndialanna an-lán in Eanáir agus chaill muid roinnt imeachtaí ar mhaith linn freastal orthu. Bhí seoladh an fheachtais 'Taithí Mhuintir LADT ar Scoil ‘ i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ar cheann díobh. Tá paca acmhainne forbartha chun bulaíocht homafóbach agus thrasfóbach a chosc agus chun tacú le daltaí LADT. Is féidir gur áiteanna trioblóideacha iad scoileanna do dhaltaí dá leithéidí agus tá áthas orainn an acmhainn nua seo a fheiceáil. In CSL, tabharfaimid tacaíocht do cheannairí scoile chun taca a thabhairt do dhaltaí LADT agus dá réir sin taithí mhaith a thabhairt dóibh ar scoil. 

Tá an triúr againn fós ag freastal ar ár gcúrsa cóitseála agus tá áthas orainn go bhfuilimid tar éis tabhairt faoin gcúrsa dioplóma seo. Tá tuiscint níos fearr faighte againn ar an gcóitseáil agus tá sé soiléir dúinn cén buntáise a bheadh ann do cheannairí scoile. Tá aiféala orm nach ndearna mé a leithéid de chúrsa fadó, mar go mbeadh an-tairbhe le baint as agam mar phríomhoide scoile. Tá ár scileanna cóitseála féin ag forbairt de réir na míosa, táimid ag léamh leabhar nua, tá smaointe nua á gcur os ár gcomhair agus táimid ag bualadh le daoine taobh amuigh de dhomhan an oideachais. Cuideoidh an cúrsa seo lenár bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil. Tá an dialann á lánú le haghaidh mhí Feabhra. Táimid ag fáil faoi réir i gcomhair ár gcéad seisiún traenála eile i mí an Mhárta, ag obair go dlúth le SFGM ar Mhisneach 2016 agus ag obair go leanúnach leis an Oifig um Sholáthar Rialtais ag scríobh tairiscintí le haghaidh clár nua do cheannairí uaillmhianacha (le tosú in 2017) agus tairiscintí le haghaidh seirbhís cóitseála chun tacú le ceannairí a bhfuil dúshláin ag teacht rompu ina gcuid scoileanna. 

Agus mí Feabhra ag druidim linn, táimid ag súil leis an earrach, le síneadh sna laethanta agus le bualadh le breis daoine nua spéisiúla. is é an t-athfhriotal is mó a thaitníonn linn an mhí seo rud a dúirt Napoleon Bonaparte:

“Un chef de file est un courtier dans l'espérance”  - Is mangaire dóchais an ceannaire. 


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.