Blag Eanáir - Máire Ní Bhróithe

Agus mé i mo shuí anseo ar an 1 Eanáir 2016 táim le tosú dul i ngleic leis an gcéad cheann de mo dhea-rúin athbhliana! Tá sé i gceist agam blag a scríobh ar bhonn míosúil faoi mo jab nua san Ionad Ceannaireachta Scoile nuabhunaithe (CSL). Táim imníoch go maith faoi seo - an chéad uair riamh dom blag a scríobh agus imní orm nach mbeidh dada le rá agam agus gurb é seo mo chéad bhlag agus an ceann deireanach chomh maith. B'fhéidir go mbeadh sé níos éasca dul i ngleic le mo chuid dea-rún athbhliana eile (cloch meáchain a chailleadh, tranglam an bhaile a chaitheamh amach agus foghlaim faoin aireachas) ach tharla gur fiontar nua atá anseo domsa, tá tús áite aige!

Bunaíodh CSL ar an 1 Meán Fómhair 2015 agus í mar aidhm aige tacaíocht a thabhairt do gach ceannaire inár scoileanna. Ar dtús beidh sé mar aidhm ag an ionad tacú le príomhoidí trí chóitseáil agus trí mheantóireacht ach de réir mar a bhforbraímid mar eagraíocht beidh súil againn tacú le múinteoirí ina róil mar cheannairí i scoileanna na hEireann.

Go deireanach i mí Bealtaine seo caite, fuair mé amach go raibh an post mar leas-stiúrthóir i mbun ceannaireachta iar-bhunscoile faighte agam. Bhí mo chomhghleacaithe Anna Mai Rooney agus Mary Nihill le bheith i mo chuideachta mar leas-stiúrthóir i mbun ceannaireachta bunscoile agus mar stiúrthóir náisiúnta faoi seach. Chasamar le chéile le linn an tsamhraidh agus réitíomar le chéile ar an bpointe. Is príomhoidí scoile go léir muid agus tá blianta go leor caite againn ag múineadh sna seomraí ranga. Bhí áthas an domhain orainn gur ceapadh muid ach bhí a fhios againn freisin go n-aireoimis uainn saol laethúil na scoile agus an idirghníomhaíocht uile le daltaí agus le baill foirne. Sa lá atá inniu ann, nuair a bhíonn deis againn suí síos agus smaointe a phlé le linn am lóin ar feadh 45 nóiméad gan aon chur isteach orainn, cuimhnimid ar an triúr ban a tháinig inár n-áit inár scoileanna agus tuigimid go bhféadfadh sé nach mbeadh an deis sin acu go minic! Is ón earnáil iar-bhunoideachais a tháinig mé féin agus Mary agus tuigimid go maith gurb í Anna Mai an t-aon duine amháin ar an bhfoireann faoi láthair atá ina hionadaí ag earnáil mhór an bhunoideachais sa tír seo. Tá an cur chuige trasearnála maidir leis an gceannaireacht an-suimiúil, áfach, agus tá a lán foghlamtha againn ó Anna Mai sna trí mhí atá caite. I mí Mheán Fómhair bhí an cúram orainn an tIonad Ceannaireachta Scoile nua in Éirinn a thionscnú. B'iontach an chéad 115 lá a bhí againn! Tá go leor foghlamtha againn agus amanna bhí dúshláin mhóra romhainn. Tá go leor foghlamtha againn faoin soláthar agus aimid ábalta labhairt go deisbhéalach faoin Oifig um Sholáthar Rialtais, ullmhú foirmeacha SRFT, etc. *.  Tá an triúr againn tar éis tabhairt faoi chúrsa cóitseála agus í mar aidhm againn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar féidir leis an gcóitseáil tionchar dearfach a imirt ar ár gceannairí scoile. I ndeireadh na dála, ba mhaith linn go ndéanfaí cultúr cóitseála a fhorbairt inár scoileanna in Éirinn. Táimid ag ullmhú clár traenála meantóireachta faoi láthair le haghaidh príomhoidí scoile agus beidh sé á chur i láthair againn i mí Eanáir. Táimid tar éis muid féin a scoitheadh ón saol laethúil ar feadh roinnt laethanta agus staidéar a dhéanamh ar chórais mheantóireachta rathúla atá i bhfeidhm ar fud an domhain i ngach earnáil den saol. Tá sé tábhachtach dúinne go mbeidh rath ar an gclár traenála seo, mar go mbeidh meantóir ag gach príomhoide iar-bhunscoile nua in Éirinn ó mí Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh. Ag leibhéal na bunscoile, tá an oiread sin scoileanna ann go bhfuil súil againn go mbeidh meantóir ag gach príomhoide bunscoile nua i gceantar Laighean. Taimid, ar ndóigh, ag smaoineamh níos faide ar aghaidh thar mhí Mheán Fómhair 2016 agus ag smaoineamh ar an tionchar a bheidh aige sin ar phríomhoidí nua 16/17 agus conas an difear a dhéanfaidh an mheantóireacht a thomhas. 

Taimid tar éis bualadh lego leor daoine nua le linn ár dturais timpeall na hÉireann agus tá áthas orainn go bhfuil an oiread sin ceangal déanta againn le heagraíochtaí eile. Cé nach bhfuil ionainn ach triúr tá tacaíocht iontach againn ó Pat agus a fhoireann in Ionad Oideachais an Chláir agus ónár gcairde sa Rannóg um Oideachas Múinteoirí sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá gach duine tar éis a bheith chomh cabhrach sin linn agus bhaineamar an-taitneamh as na cruinnithe comhairliúcháin a bhí againn i nDeireadh Fómhair. Bhí an turas chuig SCEL (Scottish College of Educational Leadership) in Albain faoi Shamhain ar cheann de na turais ba shuimiúla dúinn. Chuir Gillian Hamilton agus a foireann fáilte chroíúil romhainn agus chuir sí féidearthachtaí agus smaouinte nua os ár gcomhair. Bunaíodh SCEL bliain romhainne agus tá go leor bainte amach acu taobh istigh de bhliain. Díríonn siad ar mhúinteoirí a fhorbairt mar cheannairí ar fud an chórais agus tugtar faoin bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach uile in Albain trí dhearcadh na ceannaireachta.  Tá difríochtaí go leor eatarthu agus sinne ach tá roinnt cosúlachtaí breátha freisin. Tá súil againn fáilte a chur roimh Gillian agus a foireann go hÉirinn in 2016 agus tá a fhios againn gur tús le caidreamh breá nua eadrainn agus ár gcomhleacaithe Albanacha a bhí sa chéad chruinniú sin i mí na Samhna i nGlaschú fliuch agus gaofar. Go deimhin, is ó Gillian a fuair mé an smaoineamh an blag seo a scríobh, agus tá a ceann féin aici (https://scelscotland.wordpress.com/). D'fhéachamar, freisin, ar an obair atá ar siúl ag eacgraíochtaí cosúla in Ontario, Queensland, An Nua-Shéalainn agus i Sasana agus tá súil againn ceangal a dhéanamh leo sna míonna atá amach romhainn.

B'eispéireas an-spéisiúil a bhí sna trí mhí atá caite. Tá go leor foghlamtha againn agus go leor fos le foghlaim agus le forbairt againn. Tá go leor smaointe againn i dtaca le forbairt an CSL amach anseo agus tá súil agam na smaointe sin a roinnt sa bhlag seo sna míonna atá romhainn. Tá ár bhfís don CSL á forbairt againn (lenár bpáirtithe) agus tá próiseas na forbartha físe sin an-tábhachtach dúinn. Roinnfimid an fhís sin libh trínár suíomh gréasáin ( www.cslireland.ie) agus tri fhotha Twitter @cslireland.ie

Tá caidreamh den scoth bunaithe idir an triúr againn agus tá go leor ama caite le chéile againn ar fud na tíre. Ach an oiread le jab nua ar bith, táimid ag teacht i gcleachtadh ar an taisteal gan teorainn, ar oícheanta as baile agus ar bhéilí in ionaid oideachais agus in óstáin agus ar na cruinnithe go leor i mBaile Átha Cliath, in Inis agus in Áth Luain. D'fhilleamar ar ár scoileanna chun páirt a ghlacadh in imeachtaí ceiliúrtha na Nollag ar an 22 Nollaig agus bhaineamar an-sult astu. Táimid ag súil go mór le 2016 agus leis na féidearthachtaí a chuireann sé ar fáil. Oibreoimid go crua agus táimid ag súil go mbeidh taitneamh le baint as agus sin á dhéanamh againn!

Bliain Nua Mhaith daoibh go léir - táim chun béile sailéid a ithe, m'oifig mhíshlachtmhar a chóiriú agus roinnt ama a chaitheamh le mo leabhar faoin aireachas a léamh!


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.