Tá mí Mheán Fómhair Caite! - Foghlaim agus Ceannaireacht

Tá mí Mheán Fómhair Caite! - Foghlaim agus Ceannaireacht

Thaitin mí Mheán Fómhair riamh liom.  Maidir le príomhoidí scoile, is ionann mí Mheán Fómhair agus Eanáir na bliana nua! Filleann múinteoirí agus daltaí ar scoil, a scíth ligthe acu agus iad lán de smaointe don bhliain nua. Bíonn dea-chuma ar gach duine - éadaí nua, leabhair nua, éide scoile nua, fuinneamh nua agus aimsir an-bhreá!  Maidir linne in CSL, is mí shármhaith agus an-éagsúil a bhí ann agus tá drogall orainn slán a fhágáil leis an naoú mí den bhliain.

Caitheadh an chuid ba mhó den bhliain atá caite ag ullmhú don bhliain seo. B'fhéidir go mbeadh daoine fiosrach faoina raibh á dhéanamh againn! Bhuail mé le triúr dár meantóirí le linn na seachtaine atá caite in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus bhí áthas orm a chloisteáil go raibh tús curtha acu lena gcaidreamh meantóireachta leis na príomhoidí nuacheaptha. Dúirt siad go léir go raibh an oiread céanna tairbhe bainte acu féin as an gcruinniú agus a bhí ag a gcuid daltaí (mentee) uathu sin. B'ábhar dóchais a bhí ansin dúinne agus feicimid toradh ár gcuid saothair ar deireadh. Is daoine réadúla sinn agus ní bheidh gach rud breá éasca dúinn i gcónaí ach tá an bád imithe chun seoil ar deireadh, tá tús curtha leis an gcaidreamh meantóireachta agus táimid ar fáil chun cúnamh a thabhairt do gach duine in am an ghátair le linn mhíonna dorcha na bliana. Bhuaileamar lenár gCairde an mhí seo - grúpa beag meantóirí iad a thabharfaidh cúnamh dúinn tacaíocht a thabhairt do na meantóirí eile ina ról. Bhí an Dr. Joe O'Connell linn ar feadh an lae agus chuidigh sé le tuiscint na gCairde ar an ról tábhachtach a bheidh acu i mbliana agus tacaíocht á tabhairt don Chlár Meantóireachta. Is é " Bheith i do Chara Fíor" a thug sé ar a chur i láthair agus táimid ag tnúth le comhoibriú lenár gcairde nua!

Bhíomar i láthair ag imeachtaí an-spéisiúil an mhí seo - thug ár gcomhghleacaithe in JCT cuireadh dúinn a bheith inár gcairde criticiúla leo ar feadh lae! Tá seimineáir cheannaireachta do phríomhoidí á n-ullmhú acu le cuidiú leo tuiscint níos fearr a bheith acu ar an tSraith Shóisearach nua - buntáistí an churaclaim nua agus na himpleachtaí do chláir ama na scoile. D'iarr siad orainn (agus ar chuid mhaith páirtithe eile san oideachas) féachaint ar a gcuid ábhar, léirmheas a thabhairt ar an inneachar agus feabhsuithe a mholadh. Cinnteoidh an tsamhail nuálach seo, mar a mbíonn na páirtithe go léir i gceist, go mbeidh na seimineáir cheannaireachta a chuirfear os comhair ceannairí scoile ar an gcaighdeán is airde. Maith sibh JCT agus ádh mór ar Paddy Flood atá ag fágáil JCT chun post nua a ghlacadh mar Stiúrthóir Scoileanna in BOO Chabháin/Mhuineacháin i mí Dheireadh Fómhair. Go n- éirí go geal leat !

Reáchtálann IPPN lá den scoth do phríomhoidí ag tús mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bailíonn siad an díograis sin a bhíonn ann ag an am seo den bhliain agus bhí atmaisféar dóchasach sa seomra an lá sin in City West. Tugadh an deis do Mary Nihill agus Anna Mai Rooney cur i láthair a dhéanamh agus chuireadar i gcuimhne dúinn go léir go bhfuilimid ag lorg meantoirí nua chun dul i mbun traenála sa chaoi go mbeimid ábalta tacaíocht a thabhairt do gach príomhoide bunscoile nua in Éirinn ó mhí Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh. Más mian leat bheith páirteach inár gclár traenála, caith súil ar ár suíomh gréasáin inniu. Chomh maith leis sin, chuir siad gach duine ar an eolas faoin tseirbhís cóitseála a bheidh ar fáil do 400 príomhoide scoile i mbliana le cúnamh a thabhairt dóibh ina gcuid oibre. Tá súil againn an tseirbhís sin a lainseáil an fómhar seo. Cuireann IPPN béim i gcónaí ar leas agus ar fholláine an cheannaire ina gcuid imeachtaí agus chríochnaigh siad an lá le caint an-dearfach ón Dr. Mark Rowe; ag pointe ama amháin le linn an chuir i láthair chuir sé sinn go léir i mbun damhsa!

Labhair sé faoi na contúirtí a bhaineann le bheith i ngreim ag an eagla, agus chuir sé síos air mar  False Evidence Appearing Real (FEAR). D'fhág sé roinnt ráiteas linn chun cuidiú linn machnamh a dhéanamh ar ár bhfolláine féin - Thaitin an ceann seo go háirithe liom -

“Is Ceannaire mé i m'Fholláine féin”.

 

Bhí sé d'onóir agam freastal ar chur i láthair ó Frank Angelis, a bhí ina phríomhoide ar Ardscoil Columbine, Colorado, nuair a chaith agus a mharaigh beirt dhaltaí 12 dá gcomhdhaltaí agus ceann dá múinteoirí sular mharaigh siad iad féin in Aibreán 1999. Bhí sé chomh ciúin leis an uaigh i dTeach an Ard-Mhéara an mhaidin sin nuair a rinne sé cur síos ar an maidin chinniúnach sin in Ardscoil Columbine. Labhair sé faoi thionchar an lae sin ar an scoil agus ar a phobal, go háirithe sna blianta i ndiaidh na heachtra. Cé gur fhan formhór na foirne múinteoireachta sa scoil ar feadh trí bliana tar éis na heachtra, bhí 75% díobh imithe roimh dheireadh 2002. Tá na daltaí a bhí sa scoil an lá sin anois ina dtríochaidí luatha agus tá neamhord struis iarthrámaigh ag cur isteach ar chuid mhaith díobh fós.

Ba theachtaireacht dóchais a bhí aige dúinn an lá sin, mar sin féin. Mar scoil, rinne siad athruithe agus d'éirigh siad níos cuimsithí. Bhí Frank ina eiseamláir agus lorg sé comhairleoireacht dó féin agus lean cuid mhaith den fhoireann a shampla. Ní raibh aon fhaitíos air riamh a mhothúcháin a thaispeáint agus cheadaigh sé sin do na daltaí a mothúcháin a thaispeáint chomh maith. Sheas sé don rud a bhí ceart agus uaireanta chiallaigh sin go raibh sé leis féin ina aghaidh thoil na riarthóirí sa cheantar. Tá Frank ar scor óna phost le roinnt blianta anuas agus taistealaíonn sé an domhan agus scéal Columbine á insint aige agus an 13 duine a maraíodh sa scoil an lá sin á gcoimeád i gcuimhne aige. Maith sibh Jigsaw agus bhur bpáirtithe (NAPD san áireamh), as an imeacht seo, a tharraing aird ar thábhacht na folláine i scoileanna iar-bhunscoile, a eagrú.   Rinneamar freastal, freisin, ar chur i láthair den scoth a rinne John West- Burnham do Chomhghleacaithe Ceannaireachta an PDST. Is údar agus comhairleoir é John ar fhorbairt na ceannaireachta. Thug sé ár ndúshlán smaoineamh ar na cinntí a dhéanaimid i scoileanna agus d'fhiafraigh sé dínn an ndéanaimid machnamh ar an bhfianaise atá ar fáil sula ndéanaimid cinneadh nó rogha. Ba é a thuairim gur minicí a ghéillimid don té a bhfuil taithí aige nó aici seachas féachaint ar an bhfianaise a bhíonn romhainn. Dhírigh sé sinn i dtreo an Sutton Trust agus mhol sé dúinn a gcuid tuarascálacha faoi céard is dea-theagasc ann a léamh. Mhol sé taighde scoilbhunaithe, ar Forbairt Ghairmiúil Leanúnach níos cumhachtaí atá ann, seachas freastal ar chúrsaí éagsúla. Rinneamar iniúchadh ar thréithe scoile atá bunaithe ar an bhfianaise agus ar na himpleachtaí atá ann do cheannaireacht scoile. Sheol an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) tuarascáil dar teideal “School Leadership for Learning - Insights from TALIS2013” an mhí seo.  Níor thug mé ach sracfhéachaint ar an tuarascáil ach tá sé cinnte ar mo liosta léimh do mhí Dheireadh Fómhair. Taispeánann na torthaí gurb é an comhcheangal idir cheannaireacht theagascach (ceannaireacht an teagaisc) agus ceannaireacht dháilte (páirtithe leasmhara éagsúla á dtabhairt le chéile sna próisis chinnteoireachta) agus torthaí na ndaltaí á n-úsáid chun cuspóirí na scoile agus plean forbartha gairmiúla a fhorbairt an cur chuige is buntáistí le pobal foghlama gairmiúla a fhorbairt i scoil. Tá eolas ar an bhfoilseachán sin ar fáil anseo- http://www.oecd- ilibrary.org/education/school-leadership- for-learning_9789264258341- en. Ba mhí ghnóthach a bhí sa mhí seo don Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019 á fhoilsiú. Tá áthas orainn a fheiceáil go luaitear an Lárionad Ceannaireachta Scoile sa phlean agus tugaimid faoi deara an leathnú ar an raon tacaíochta atá ar fáil tríd an Lárionad Ceannaireachta Scoile. Agus mí Dheireadh Fómhair ag druidim linn táim leath bealaigh trí leabhar iontach Declan Coyle "The Green Platform". Tugann sé breac-chuntas ar na céimeanna simplí chun athrú a dhéanamh ón Ardán Dearg diúltach go dtí an tArdán Glas dearfach. Ar an Ardán Glas tá fís, cuspóirí agus pleananna soiléire agus táimidne go hiomlán i láthair agus beo san "am i láthair". D'fhéadfadh sé go mbeadh am deacair i mí Dheireadh Fómhair ag cuid dár gcomhghleacaithe, ar ceannairí iad in iar-bhunscoileanna mar a bhfuil gníomhaíocht thionsclaíoch á bagairt.

B'fhéidir go mbainfidis tairbhe as an leabhar seo a phiocadh suas agus comhairle Declan a léamh agus dá réir sin dul i ngleic leis an mí atá romhainn le dóchas agus dearfacht. Smaoineamh beag ó JFK don mhí seo- “For courage, not complacency, is our need today; leadership not salesmanship. The ….test of leadership is the ability to lead vigorously”