Deireadh Fómhair - Mí Spreagúil do Cheannairí

Thosaigh an mhí go maith domsa! Rinne mé freastal ar  an gComhdháil Féilte (Comhroinnt Teagaisc, Nascadh Foghlama) i nDroichead na Dothra Dé Sathairn 1 Deireadh Fómhair. Tá an fhéile seo ar cheann de na cruinnithe múinteoirí is mó in Éirinn agus is ardán dóibh é chun a nuálaíochtaí a thaispeáint dá chéile agus don phobal. Bhí Joe Schmidt, cóitseálaí rugbaí fhoireann na hÉireann, agus leas-phríomhoide scoile lá den saol, ina phríomhchainteoir, agus chuir sé i gcuimhne do gach a raibh i láthair gur cheart dúinn féachaint ar an teip mar chloch chora. An teachtaireacht eile a bhí aige gur cheart do mhúinteoirí díriú ar fhuinneamh a thabhairt isteach sa seomra ranga - mar go mbíonn an fuinneamh tógálach agus go mbíonn an "easpa fuinnimh" tógálach chomh maith! Bhí éagsúlacht dhochreidte sa taispeántas d'obair na scoileanna agus bhí na ceardlanna inspioráideach. Is féidir le scoileanna spiorad Féilte a thabhairt ar ais chuig a mbailte féin agus FÉILTE Scoile a reáchtáil ina scoileanna féin.  Comhghairdeas leis an gComhairle Mhúinteoireachta Go mbeirimid beo ar an am seo arís.  

Mí ghnóthach pleanála a bhí ann d'fhoireann CSL. Tá súil againn tuairim is 200 meantóir a thraenáil i mbliana ionas go mbeidh meantóir ar fáil do gach príomhoide nua in Éirinn (bunscoile agus iar-bhunscoile) i mí Mheán Fómhair 2017. Tá traenáil ar fud na tíre pleanáilte againn i mbliana i Muineachán, Port Laoise, Cill Chainnigh agus Inis. Táimid an-bhuíoch de na príomhoidí go léir atá ag tabhairt a gcuid ama go fial chun páirt a ghlacadh sa chlár. Tá an t-aiseolas atá ag teacht chugainn uathu siúd a bhfuil caidreamh meantóireachta ar siúl acu i mbliana an-deimhneach go deo. Tá meastóireacht déanta ar na tairiscintí le haghaidh na seirbhíse cóitseála agus le haghaidh an Dioplóma Iar-Chéime sa Cheannaireacht Scoile agus ba cheart go mbeimis ábalta fógraí a dhéanamh sna réimsí sin an mhí seo chugainn.

D'oibríomar go dlúth lenár gcomhghleacaithe sa tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) - Ceannaireacht an mhí seo - ghlacamar páirt i Misneach ar an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile agus bhí sé de phléisiúr againn bualadh le cuid mhaith príomhoidí nua agus le héascóirí an SFGM.  Cinntíonn an mheantóireacht a bheith curtha leis an gclár Misneach go n-éiríonn le príomhoidí nua bualadh agus meascadh le ceannairí bunaithe agus foghlaim uathu. Is dúshlán mór an ghníomhaíocht thionsclaíochta reatha sna scoileanna dara leibhéal do cheannairí scoile, mar go bhfuil siad ag iarraidh dea-chaidreamh a choimeád ar an talamh idir na páirtithe go léir i bpobal na scoile. Tá meantóirí, gréasáin agus cairde criticiúla ag teastáil uathu anois níos mó ná riamh.

Rinneamar freastal ar dhá chomhdháil shuimiúla an mhí seo. I nGaillimh, bhí os cionn 500 príomhoide agus leas-phríomhoide iar-bhunscoile i láthair ag comhdháil NAPD. Labhair Jacinta Kitt faoi dhóchas, misneach agus teacht aniar inár bhfoirne chomh maith lenár ndaltaí. Chuir sí béim ar an éirim mhothúchánach mar gur féidir leis na mothúcháin tionchar a bheith acu ar an giúmar, meon agus atmaisféar i scoil. Labhair an Dr. Ciarán Ó Baoill ar chumacht na ceannaireachta, ar éilimh an róil agus ar an gcaoi ar cheart dó a bheith bunaithe ar luachanna. Spreag David Marquet (iarcheannasaí fomhuireáin Meiriceánach) sinn leis na focail "Níl a fhios agam" a úsáid agus sinn inár gceannairí ar ár bhfoireann. Bhí cuid mhaith smaointe aige le conas iad siúd a bhíonn ag obair linn a chumasú agus thug sé ár ndúshlán féachaint ar an teanga a úsáidimid - céard faoi "Cé chomh cinnte is atá tú?" a úsáid in ionad "An bhfuil tú cinnte?" Bhí áthas orainn gur labhair Mary Nihill ag an gcomhdháil agus gur thug sí eolas go dáta dúinn faoi obair an CSL. Comhghairdeas leis an Uachtarán Paul Byrne as a aitheasc greannmhar den scoth agus gúimid gach rath ar Chathnia Ó Muircheartaigh, Uachtarán nuacheaptha na NAPD don bhliain 2016-2017. Go n-éirí go geal leat !               

Chaitheamar roinnt laethanta ag Comhdháil an ESHA (European Secondary Heads Association) i Maastricht agus bhí áthas orainn bualadh lenár gcomhghleacaithe ón Iorua, an Íoslainn, an Fhionlainn, ó Cheanada, ó SAM, as Éirinn agus ó thíortha go leor eile agus dul i gcaidreamh leo.   D'éisteamar le cur i láthair ar cheannaireacht dháileach, ar fhorbairt cheannairí múinteoirí agus mheáncheannairí, ar na coinníollacha chun foghlaim scoile níos fearr a chruthú, ar shíceolaíocht na géarchéime agus ar ról  tuismitheoirí i scoil a fhorbairt. Thugamar cuairt ar dhá scoil agus d'fhoghlaimíomar faoina struchtúr ceannaireachta.  Ba bhuaicphointe dúinne a bhí sa cheardlann agus sa phríomhaitheasc a thug Michael Fullan. D'fhéach sé ar gach a bhféadfadh ceannairí éifeachtúla a dhéanamh chun cultúr comhoibríoch a chruthú i scoileanna.  Foghlaimíonn siad i gcuideachta a múinteoirí, forbraíonn siad ceannairí ar gach leibhéal, oibríonn siad go crua chun muinín a chruthú agus díríonn siad ar fhoghlaim i scoileanna agus idir scoileanna.  Labhair Fullan faoin tábhacht a bhaineann le ceannairí ag imeacht as a dtimpeallacht féin agus ag foghlaim ó dhaoine eile. 'Sé an nath a d'úsáid sé " Téigh amach chun a bheith níos fearr istigh" Tá an chomhroinnt smaointe sin ríthábhachtach i ngach córas oideachais atá ag fás agus ag foghlaim. Chuir sé na 6 "C" romhainn  - "Citizenship, Character, Collaboration, Communication, Creativity and Critical Thinking." Is iad sin na tacair scileanna don fhoghlaim dhomhain atá le baint amach ag na daltaí agus le bheith inniúil orthu, chun go mbeadh rath orthu sa lá atá inniu ann.  Bhíomar bródúil as a bheith inár n-Éireannaigh i Maastricht nuair a d'éisteamar le haitheasc Clive Byrne, Uachtarán ESHA agus Stiúrthóir NAPD.

Bhí sé d'ádh orm, freisin, freastal ar imeacht an-spreagúil a bhí á reáchtáil ag an CNCM dar teideal Ceannaireacht don Fhoghlaim. Dúirt an tOllamh Andy Hargreaves, oideachasóir ó Choláiste Boston a bhfuil cáil dhomhanda air, leis an lucht éisteachta gurbh í an tréimhse idir 2000 agus 2015 ré an éachta agus na hiarrachta.   Tá ré nua ag druidim linn - ré na féiniúlachta, an chaidrimh agus na folláine.  Chuir sé i gcuimhne dúinn go mbíonn déagóirí ag fulaingt inár scoileanna dara leibhéal, mar gheall ar an mbulaíocht, scaradh tuismitheoirí óna chéile, bás tuismitheoirí agus neamhoird inchinne agus go bhfuil an féinghortú ag méadú.  Chuir sé béim ar an ról ríthábhachtach atá ag baill foirne inár bpobail scoile - go minic is é an tiománaí bus an chéad duine a thugann faoi deara go bhfuil páiste faoi strus.   Mhol sé gur cheart do thíortha dul i mbun oibre ar dtús chun cothroime a bhaint amach - "Má chuireann tú béim ar an gcothroime, gheobhaidh tú barr feabhais". Ach an oiread le Michael Fullan, molann sé tuilleadh comhoibrithe idir múinteoirí  "mar go mbíonn tionchar níos mó ag múinteoirí a oibríonn i gcomhar ar líon níos mó dá ndaltaí". Tugann sé " Ceannaireacht ón Lár" ar sin. Leanfaidh CSL, trínár gclár meantóireachta, le comhoibriú idir scoileanna agus taobh istigh de scoileanna a chur chun cinn.

An mhí seo rinneadh forbairt bhreise agus uaslódáil acmhainní ar shuíomh gréasáin na féinmheastóireachta scoile (www.schoolsself-evaluation.ie).  I bhfíseán nua, deir an Príomh-Chigire Harold Hislop linn go bhfuil tionchar ag an bhféinmheastóireacht scoile (FMS) ar ár scoileanna agus gur bealach an-éifeachtúil é le foghlaim páistí a fheabhsú. Tá an FMS tar éis cuidiú le díriú ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim inár seomraí foirne agus ag ár gcruinnithe foirne. Cuireann an CSL fáilte roimh an bhfócas leanúnach sin ar gach a bhfuil ag tarlú inár seomraí ranga idir 2016 agus 2220.  Le foilsiú Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016 agus an Creat Cáilíochta i dtaca le Ceannaireacht agus le Bainistíocht cuimsithe sa doiciméad sin, cuideofar go mór linn inár n-obair in CSL.  Is uirlis phleanála agus fhéinmhachnaimh an-úsáideach do cheannairí, do bhoird bainistíochta agus do cheannairí uaillmhianacha maidir lena bhforbairt ghairmiúil féin atá sa rannóg sin (cé nach cuid fhoirmiúil de FMS a bheidh ann go dtí 2020).

Ba mhí an-bhrónach a bhí i nDeireadh Fómhair chomh maith.  Chaill Luimneach agus an Clár triúr ceannairí agus oideachasóirí iontacha agus iad ró-óg - ceann amháin i saol an spóirt (Anthoney 'Axel' Foley), ár gcomhghleacaí breá Martin Wallace, iar-Phríomhoide Choláiste Pobail Chaladh an Treoigh agus iar-chomhlach de chuid an LDS (Forbairt Ceannródaíochta i Scoileanna) agus David McMahon ón SFGM.   Cuimhnimid le gean ar Martin i CSL, cuimhnimid ar chomh deisbhéalach is a bhí sé os comhair lucht éisteachta, ar a dhíograis don oideachas agus d'athchóiriú an oideachais, ar a phearsantacht ghnaíúil agus go háirithe ar a thiomantas dá chlann. Ba mhór an bhris a bhí i mbás David McMahon dóibh siúd go léir a d'oibrigh leis mar éascaitheoir leis an SFGM agus dá chomhghleacaithe go léir in Ionad Oideachais an Chláir. Suaimhneas síoraí dá n-anam.

“Leadership is not about titles, positions or flowcharts; it is about one life influencing another” (John Maxwell)

Postáilte in Blog - CSL Ireland


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.