CSL ag Comhdháil an IPPN

Tar agus buail linn ag Comhdháil an IPPN in Óstán Citywest i dTeach Sagard Déardaoin agus Dé hAoine, 26 agus 27 Eanáir. Tabharfaidh Mary Nihill léargas achoimre ar ár n-obair sa phríomhaitheasc tráthnóna Déardaoin. Cuirfimid ceardlann idirghníomhach agus pléghrúpa ar bun i svuít Swift Brooke ar an dara hurlár den phríomhfhoirgneamh maidin Déardaoin ó 0900 go 1015. Beimid ar fáil chomh maith chun bhur gceisteanna a fhreagairt maidir le seirbhís cóitseála CSL a bheidh ar fáil ón gcéad lá d’Fheabhra ar aghaidh.