Tús Nua....Ceannairí Nua

Tá an 1 Meán Fómhair ag druidim linn.. Lá breithe CSL! Beimid bliain ar an bhfód amárach. Ba bhliain iontach a bhí ann dúinn triúr agus táimid anois ag tnúth le Bliain 2!

Ba mhaith le CSL gach rath a ghuí ar gach uile cheannaire scoile sa bhliain 2016/2017. I mbliana ba mhaith linn fáilte ó chroí a chur roimh na ceannairí nua go háirithe. Bhí sé de phribhléid againn le gairid freastal ar Misneach (iar- bhunscoile) i bPort Laoise, Tánaiste (iar-bhunscoile) agus Misneach (bunscoile) i mBaile Átha Luain. Tríd is tríd, bhuaileamar le níos mó ná 220 ceannaire nua agus labhraíomar leo. Bhí an chuid ba mhó díobh ar bís agus iad iontach tógtha agus beagán imníoch ach bhíodar ag tnúth leis an dúshlán a bhí rompu!

Bhíomar in CSL, freisin, ar bís faoin dóchúlacht go mbeidh meantóirí ag beagnach 200 dár bpríomhoidí nua i mbliana mar chuid den chlár Misneach. Tá an aisling a bhí againn le bliain anuas fíoraithe anois! Táimid ag obair go crua chun an duine ceart a aimsiú le haghaidh gach dalta agus tá an obair sin tagtha idir sinn agus codladh na hoíche le roinnt seachtainí anuas. Ar deireadh chríochnaíomar céim 1 dár bpróiseas meaitseála agus beidh os cionn 100 litir á seoladh amach chuig príomhoidí nua an tseachtain seo agus ainm a meantóirí nua á n-insint dóibh. Thaitin an ráiteas ó Fhundúireacht Wallace riamh linn, a deir -

“Good Principals aren’t born, they are mentored! “

Samhradh gnóthach a bhí ann. D'fhoilsigh an Oifig um Sholáthar Rialtais dhá thairiscint dúinn. Is í an tseirbhís cóitseála atá i gceist le ceann díobh agus tá súil againn go mbeimid ábalta an tionscnamh seo a sheoladh taobh istigh de na seachtainí beaga seo amach romhainn. Níl aon ghá dom a insint daoibh faoin gcumhacht is féidir a bheith sa chóitseáil - níl le déanamh ach mo bhlag deireanach a léamh chun é sin a thuiscint. Coimeád súil amach don chóitseáil do phríomhoidí scoile ar ár suíomh gréasáin thar na seachtainí atá amach romhainn. Foilsíodh freisin an tairiscint do chlár nua na gceannairí uaillmhianacha agus le linn an fhómhair tá súil againn sonraí an chláir a thairisceofar daoibhse ar mian libh ról ceannaireachta a ghlacadh in bhur scoil a fhógairt. Coinnigh súil ar an suíomh gréasáin!

Sea, tá suíomh gréasáin nua dathúil againn agus is é an aidhm atá againn i mbliana sonraí acmhainní a chur ann a bheadh úsáideach do cheannairí ag gach céim dá ngairmréim san oideachas. Is é sin an tasc is mó atá romhainn anois agus ceann a bhfuil súil againn leis mar gur dúshlán nua a bheidh ann dúinn. Bhí an-áthas orainn an tseachtain seo caite agus lucht leanúna de 1,000 duine agus os a chionn againn ar Twitter. Mura bhfuil tú ár leanúint, ansin tabhair cúnamh dúinn ár gcéad chloch mhíle eile a bhaint amach - 1,500 leanúnaí @cslireland.

Bhí roinnt leabhar suimiúil faoin gCeannaireacht á léamh againn an samhradh seo agus ba é an ceann ba mhó a thaitin liom Leadership Matters le Andy Buck. Tá a fhios agam go maith cé chomh gnóthach a bhíonn múinteoirí agus ceannairí agus an laghad am léitheoireachta a bhíonn agaibh, ach is féidir libh spléachadh a thabhairt ar an leabhar seo agus an topaic a bhfuil suim faoi leith agat ann a roghnú de réir mar is gá. Ina réamhrá deir Andy “ The approach of the book is to take an evidence-based look at what great school leadership looks like and allow you to translate this into the context you are working in”. Déanann sé tagairt go minic don tábhacht a bhaineann le hatmaisféar "gan lochtú" a chothú i scoileanna. Ba cheart tástáil, dul sa seans agus foghlaim ó bhotúin a spreagadh inár scoileanna. Ba cheart go mbeadh an fhoireann ar a gcompord agus smaointe nua á dtriail acu! Is leabhar den scoth atá anseo, lán de shamplaí laethúla atá ábhartha den chuid is mó do chomhthéacs na hÉireann. Bain taitneamh as!

Táimid ag tnúth le dúshláin nua a thiocfaidh chugainn in 2016/2017, gan amhras. Seo rud le smaoineamh air an mhí seo:

“The Pessimist complains about the wind. The Optimist expects it to change. The leader adjusts the sails.“
(John Maxwell)