Leagan Gaeilge

Sa Roinn seo

Dul ar ais

Cé hiad CSL?

Léiríonn an cinneadh Lárionad Ceannaireachta Scoile (CSL) a bhunú ar bhonn comhpháirtíochta, idir Líonra Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN), Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) agus an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS), treo nua agus deis ar leith chun leanúntas comhtháite i bhforbairt ghairmiúil do cheannairí scoile a fhorbairt.

Is é an cuspóir comhroinnte go ndéanfaí ionad barr feabhais le haghaidh ceannaireachta scoile agus an príomhsholáthraí tacaíochta den Ionad. Beidh freagracht ar an CSL trasna raon na forbartha ceannaireachta, ó thraenáil réamhcheaptha go hionduchtú príomhoidí nuacheaptha go forbairt ghairmiúil leanúnach ar feadh ghairmréime an cheannaire. Tabharfaidh an tIonad comhairle don ROS maidir le beartas sa réimse seo. Le linn na chéad chéime, cuirfidh an tIonad béim ar leith ar riachtanais phríomhoidí nuacheaptha agus phríomhoidí bunaithe a bhfuil deacrachtaí gairmiúla acu agus/nó a bhfuil cúrsaí dúshlánacha ag teacht rompu.

Feidhmeanna agus Cuspóirí

Beidh an CSL
  • ina cheannródaí agus tabharfaidh sé comhairle agus taca maidir le creat straitéiseach i gcomhair leanúntas ceannaireachta a fhorbairt do scoileanna
  • ina cheannródaí agus tabharfaidh sé taca do chláir cheannaireachta ghairmiúla i gcomhair bunscoileanna agus iar- bhunscoileanna agus déanfaidh sé comhordú orthu
  • ina cheannródaí agus déanfaidh sé clár píolótach san fhorbairt cheannaireachta i gcomhair príomhoidí nuacheaptha a bhainistiú chomh maith le seirbhís chóitseála do phríomhoidí atá ag feidhmiú faoi láthair a bhfuil deacrachtaí gairmiúla acu agus/nó cúrsaí dúshlánacha ag teacht rompu.
  • ina thaca ag dearadh, forbairt agus soláthar na Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (FGL) ar ardchaighdeán do cheannairí agus cur chuige nuálach atá cruthaithe a bheith rathúil á úsáid
  • ag dul i mbun cultúr rannpháirtíochta san FGL a chothú i measc ceannairí scoile
  • ag cinntiú comhtháthú agus comhsheasmhacht sna cláir éagsúla
  • ag cinntiú go gcloítear le caighdeáin an ROS maidir le ceannaireacht scoile agus le creat FGL na Comhairle Múinteoireachta nuair a bheidh sé ar fáil agus más cuí dó
  • ag ceapadh creata maidir le rathú caighdeán i dtaca le soláthar a dhéanamh don fhorbairt ghairmiúil cheannaireachta
  • ag obair i gcomhar le IPPN, NAPD, an ROS agus a seirbhísí tacaíochta, líonraí scoileanna agus páirtithe agus soláthraithe eile oideachais mar is cuí

Fad Ama

Bunaíodh an tIonad ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana, agus ina dhiaidh sin déanfaidh an Grúpa Stiúrtha a ról agus a chuspóir a athbhreithniú.

CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.