Preaseisiúint - Dioplóma Iarchéime Nua i gCeannaireacht Scoile Preaseisiúint

- Dioplóma Iarchéime Nua i gCeannaireacht Scoile do Cheannairí Uaillmhianacha agus Seirbhís Cóitseála do Cheannairí Scoile


Fógróidh an tAire Oideachais agus Scileanna, An tUasal Richard Bruton T.D. inniu (Dé Luain 12 Nollaig), cáilíocht nua iarchéime i gCeannaireacht Scoile atá dírithe orthu siúd ar mian leo poist shinsearacha a bhaint amach i gceannaireacht scoile. Fógróidh an tAire Bruton, chomh maith, go bhfuil conarthaí sínithe chun seirbhis cóitseála nua a sholáthar do cheannairí scoile. Chuir an tAire béim ar an ról tábhachtach atá ag an gceannaireacht i gcur chun cinn timpeallacht scoile atá fáilteach, cuimsitheach, freagrach agus dírithe ar theagasc agus foghlaim ardchaighdeáin. Tar éis próiseas tairisceana a bheith curtha i gcrich, tá conradh sínithe anois le cuibhreannas ollscoileanna faoi stiúir Ollscoil Luimní (UL) agus le tacaíocht ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (UCD) agus Ollscoil Éireann Gaillimh (NUIG). Oibreoidh an Lárionad Ceannaireachta Scoile (CSL) i ndlúthpháirt leis an gcuibhreannas agus an clár á fhorbairt. Déanfaidh UL, UCD agus NUIG an clár nua a chreidiúnú i gcomhar lena chéile. Cuirfidh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT), Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CIT) agus Cumann Ionaid Mhúinteoirí/Oideachais in Éirinn (ATECI) tacaíocht bhreise ar fáil.

Is príomhghníomhartha de Phlean Gníomhaíochta don Oideachas de chuid an Rialtais, a bhfuil sé mar aidhm aige córas oideachais agus oiliúna na hÉireann a bheith ar an gceann is fearr san Eoraip taobh istigh de dheich mbliana, atá i mbunú an chláir ceannaireachta iarchéime agus na seirbhíse cóitseála. Is í aidhm an Aire ceannaireacht scoile a fhorbairt agus a fheabhsú ar gach leibhéal. I measc phríomhghnéithe an chláir beidh: - Socrúchán i scoil eile seachas scoil an rannpháirtí, agus i gcomhthéacs taobh amuigh den oideachas - Deiseanna oibre i bpobail foghlama ghairmiúla - Dul i ngleic le cleachtas athmhachnaimh agus le taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta - An mheantóireacht agus an chóitseáil mar áiseanna in oideachas na hÉireann

Beidh foghlaim chumaisc pháirtaimseartha (18 mí) i gceist leis an dioplóma gairmiúil, agus cuirfear ar fáil é i sé réigiún ar fud na tíre, le soláthar ar leith do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge. Glacfar le thart ar 200 rannpháirtí in aghaidh na bliana agus beidh sé á pháirtmhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fógróidh an tAire, chomh maith, go mbeidh seirbhís cóitseála ar fáil do 400 rannpháirtí in aghaidh na bliana. Beidh sé á mhaoiniú go hiomlán ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus beidh sé á sheoladh ar fud na tíre ag an Lárionad Ceannaireachta Scoile. Is cor suntasach eile i soláthar chuspóirí an Lárionaid Ceannaireachta Scoile atá i mbunú creatchomhaontú i dtaca leis an gcóitseáil. Is í an aidhm atá againn sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas a bheith ar fheabhas. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh an cheannaireacht, an bhainistíocht, na creataí cáilíochta, na modhanna teagaisc agus an oiliúint tosaigh agus leanúnach ag obair ar an gcaighdeán is airde. Ní mór dúinn an nuálaíocht agus an barr feabhais a chur chun cinn, aitheantas a thabhairt don éacht den scoth agus iarracht a dhéanamh an cur chuige rathúil a thabhairt isteach sa ghnáthchleachtas.

Ag labhairt dó roimh fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Bruton: "Tá áthas orm fógra a dhéanamh faoinár gcáilíocht nua iarchéime sa cheannaireacht scoile agus ár seirbhís cóitseála nua. Tá caighdeán na timpeallachta foghlama ríthábhachtach maidir leis an tslí a fhorbraíonn páistí a n-inniúlachtaí. Leis na hathruithe sa teicneolaíocht agus in ionchais, bítear ag súil go mbíonn ceannairí ábalta oibriú i dtimpeallacht i bhfad níos casta. Tá an t-ádh linn in Éirinn go bhfuil daoine chomh tiomanta agus chomh díograiseach sin i ngairm na múinteoireachtaagainn, agus ceannairí scoile den scoth." "Tabharfaidh tionscnamh na dtacaí sin do cheannairí scoile, ar príomhghníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas iad, cúnamh dóibh siúd a bhfuil seirbhísí oideachais á soláthar acu chun a gcuid scileanna a fheabhsú go leanúnach. Tríd an bhforbairt ghairmiúil is fearr a chur ar fáil is féidir linn ár sprioc a bhaint amach agus córas oideachais agus oiliúna na hÉireann a bheith ar an gceann is fearr san Eoraip taobh istigh de dheich mbliana. Bíonn an rath san oideachas tógtha ar chaighdeán na ceannaireachta, ar chlisteacht an teagaisc agus ar thacaíocht an phobail don fhoghlaim. Tá sé mar chuspóir ag an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas tairbhe a bhaint as na hacmhainní daonna sin. Chun a bheith ar fheabhas ar fad, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh an cheannaireacht, an bhainistíocht, na creataí cáilíochta, na modhanna teagaisc agus an oiliúint tosaigh agus leanúnach ag obair ar an gcaighdeán is airde. Ní mór dúinn an nuálaíocht agus an barr feabhais a chur chun cinn, aitheantas a thabhairt don éacht den scoth agus iarracht a dhéanamh an cur chuige rathúil a thabhairt isteach sa ghnáthchleachtas. Is féidir go mbíonn dúshlán ag baint le ceannaireacht scoile sa lá atá inniu ann agus tá a fhios agam go mbíonn deacrachtaí seasta ag baint leis an jab sin. Táim sásta go mbeidh príomhoidí scoile ábalta leas a bhaint as seirbhís cóitseála duine le duine faoi rún chun na dúshláin rompu a phlé, chun dul i ngleic le deacrachtaí a d'fhéadfadh teacht rompu nó le spriocanna ar mhaith leo iad a bhaint amach. Trí dhul i ngleic leis an gcóitseáil, beidh ceannairí scoile ábalta feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht féin, an t-am agus an spás a fháil chun a n-acmhainn féin a chothú agus a gcumas oibre faoi chúinsí dúshlánacha a fheabhsú. Ar deireadh thiar, táimid ag obair i dtreo cultúr cóitseála a chruthú a bheidh ina chuid lárnach den scoil agus a fheabhsóidh an teagasc agus an fhoghlaim." "Cuirfidh fógra an lae inniu leis an dul chun cinn a rinneadh i mBuiséad 2017, nuair a d'fhógraíomar pacáiste nua chun tacú le ceannaireacht scoile, agus san áireamh beidh poist bhreise mar leas- phríomhoidí i scoileanna móra dara leibhéal agus poist sa mheánbhainistíocht i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna." Rinne an tAire comhghairdeas leis na conraitheoirí ar éirigh leo i dtaca leis an dá thionscadal agus ghlac sé buíochas leo siúd go léir atá bainteach leis an obair chun iad a thionscnamh in 2017. Thug an tAire aitheantas, freisin, do ról suntasach na hOifige um Sholáthar Rialtais agus an dá phróiseas soláthraithe á stíurú agus á dtacú aici.


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.